Tá tús curtha inniu leis an gcéad suirbhé náisiúnta ar chúram deireadh saoil.
Iarrtar faisnéis sa suirbhé ar dhaoine i dtaobh an chúraim a fuair daoine muinteartha nó cairde leo sna míonna agus sna laethanta deiridh dá saol.
Is iad an an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gcomhpháirt atá i mbun an tsuirbhé.
Tá súil acu, a deir siad, leas a bhaint as na torthaí le feabhas a chur ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do dhaoine a bhfuil a mbiseach ar iarraidh agus atá ag síothlú.
Baineann na ceisteanna sa suirbhé le bainistiú péine; meas agus dínit; tacaíocht mhothúchánach; cumarsáid leis an bhfoireann chúraim; agus soláthar eolais.
110 ceist ar fad atá sa suirbhé agus táthar ag iarraidh ar dhaoine ar bhásaigh duine muinteartha nó cara leo idir Mheán Fómhair agus Nollaig 2022 páirt a ghlacadh ann.
Féadfaidh daoine a gcuid freagraí a sheoladh ar ais sa phost no ar líne, a gcomhairle féin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ