Tá sé dearbhaithe ag an Aire Airgeadais Michael McGrath go n-iarrfaidh an Rialtas ar an Aontas Eorpach údarás nua atá le dul i ngleic le sciúradh airgid a lonnú in Éirinn thar aon bhallstát eile.

Tá an tÚdarás um Fhrith-Sciúradh Airgid le bunú go foirimiúil an bhliain seo chugainn ach níl aon cheanncheathrú roghnaithe fós.

Deirtear gur údarás an-chumhachtach a bheas ann a mbeidh sé mar aidhm aige a chinntiú go gcomhlíonfar na dlíthe a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

Is ag díriú ar an earnáil seirbhísí airgeadais a bheas an t-údarás ar gcéad dul síos.

Beidh na céadta duine fostaithe i réimsí éagsúla ag an údarás nua agus beidh saineolaithe i gcúrsaí rialachais, teicneolaíochta, riaracháin agus gnó ag teastáil.

Maidir le ceanncheathrú de, deir Michael McGrath go bhfuil buntáiste ag Éirinn ar bhallstáit eile de bhrí go bhfuil earnáil mhór seirbhísí airgeadais agus neart oibrithe láncháilithe sa tír seo cheana féin.

Iad sin, a deir sé, gan trácht ar an dea-cháil atá orainn ó thaobh rialachais agus riaracháin de.

Tá ocht mballstát eile san iomaíocht, ámh, agus meastar gur amach sa bhliain a fhógrófar áit an áidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ