D'fhéadfaí beagnach 70,000 áras cónaithe a thógáil ar thalamh ar leis an Stát é, a deirtear i dtuarascáil nua atá le cur faoi bhráid an Rialtais inniu.

Maítear sa tuarascáil atá curtha i dtoll a chéile ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún go bhfuil 83 suíomh i gcathracha agus i mbailte móra a bhféadfaí suas le 67,000 áras cónaithe a thógáil orthu i gceann na haimsire.

Ar thalamh a forbraíodh cheana atá cuid mhór de na suímh.

Siúd is go bhfuil bonneagar na n-áiteanna sin seanchaite faoi seo, tá siad ar fad suite i gceantair uirbeacha a bhfuil neart saoráidí poiblí agus príobháideacha iontu.

Is iad na háiteanna agus líon na suíomh atá i dtreis Baile Átha Cliath (38), Corcaigh (14), Gaillimh (8), Luimneach (6), Port Láirge (4) Dún Dealgan (4) Sligeach (4), Baile Átha Luain (2), Leitir Ceanainn (2) agus Droichead Átha (1).

Tá éagsúlachtaí móra idir na suímh, áfach, agus fágann na castachtaí éagsúla nach bhféadfaí tabhairt faoin obair thógála i ngach áit ag an am céanna, a deirtear.

Mar sin féin, dar leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún go bhféadfaí 9,760 áras cónaithe a thógáil as seo go ceann cúig nó deich mbliana.

D'fhéadfaí 17,440 a thógáil sna blianta ina dhiaidh sin, agus ba i bhfad na haimsire a d'fhéadfaí an 39,710 eile a thógáil.

Mar le Baile Átha Cliath de, soilsítear sa tuarascáil go háirithe talamh ar le Rásaíocht Capall Éireann é i mBaile na Lobhar; suíomh in aice leis an stáisiún bus i gCaisleán Cnucha; agus ceann eile taobh leis an Mionta in Áth an Ghainimh.

Soilsítear chomh maith suíomh le Líonraí Gáis Éireann ar Bhóthar an Duga i Luimneach; suíomh le Bord Soláthair an Lecitreachais ar Bhóthar an tSáirséalaigh i gCorcaigh; agus talamh i gcalafort na Gaillimhe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ