Beidh 320 áit sa mbreis ar fáil ar chúrsaí oiliúna d'ábhar oidí san mbunoideachas sa mbliain acadúil seo chugainn, agus 290 áit bhreise geallta an bhliain dár gcionn.
Miosúr sealadach atá beartaithe ag an Roinn Oideachais le theacht i dtír ar an nganntanas múinteoirí atá tar éis scoileanna go leor a fhágáil gan ar a gcumas folúntais a líonadh.
Tá sé fógartha freisin ag an Roinn go mbeidh a dhá oiread áiteanna ar fáil ar chúrsaí le ábhar oidí a chur faoi oiliúint le múineadh tré mheán na Gaeilge - dúbailt ó 30 go 60 an bhliain seo chugainn, ar feadh aon bhliain amháin.
Tá 400 áit sa mbreis le cur ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo máistreacht iarchéime a bhaint amach san mbunoideachas.