Tá an aerlíne Chalair tar éis 2 eitilt sa mbreis a fhógairt as Aerfort Chiarraí go dtí an Fhrainc.
Go Quimper agus go Brest, 2 bhaile mór sa mBriotáin, a bheidh an tseirbhís gach Satharn ag tosnú an 1ú mí Iúil.
Eitleáin ATR72 ar a mbíonn 70 suíochán a bheidh i mbun na seirbhíse.
"Cuirfidh sé le geilleagar an réigiúin seo" a deir Príomhfheidhmheannach Aerfort Chiarraí John Mulhern "ag buaic an tseásúir turasóireachta, agus tá na síolta á gcur againn le eitiltí sa mbreis a fhorbairt idir muid féin agus an Fhrainc sna blianta atá romhainn."
San iomlán feasta beidh 9 gceann scríbe ag eitiltí as Ciarraí sa samhradh - Baile Átha Cliath, Londain, Manchain, Frankfurt, Alicante agus Faro ina measc.
Cuideachta neamhspleách iad Chalair atá ag freastal ar mhargadh na Fraince ó 1986.
"Tá an-tóir ag lucht saoire as Iarthar na Fraince ar Éirinn, agus ar Chiarraí go háirid" a deir Príomhfheidhmeannach Chalair Alain Battisti "agus gan amhras, tá agus beidh an-tóir ag turasóirí as Cúige Mumhan agus níos faide i gcéin ar an mBriotáin."