Tá an chuairt a bhí le tabhairt ag Rí Shasana, Séarlas III, ar an bhFrainc curtha ar ceal, i bhfianaise na n-agóidí sa tír sin maidir le cúrsaí pinsin.

"Glacadh an cinneadh ar maidin an chuairt a chur ar ceal i ndiaidh d'Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, agus Rí Séarlas III labhairt lena chéile ar an bhfón", a dúradh i ráiteas. "Déanfar cuairt eile a phleanáil go gairid."

Bhí cuairt Shéarlais III ar an bhFrainc le bheith ar an gcéad chuairt stáit a thabharfadh sé mar Rí Shasana.

Tá caismirtí agus agóidí ag dul ar aghaidh sa bhFrainc le trí mhí anuas i gcoinne an athchóirithe conspóidí atá déanta ag Uachtarán Macron na Fraince ar an bpinsean stáit.

Inné, bhí sliúchas idir fórsaí slándála na Fraince agus an lucht agóide. Bhí sé ar an lá ab fhoréigní fós le trí mhí anuas. Gabhadh 457 duine le linn na gcaismirtí agus gortaíodh 441 ball de na fórsaí slándála le linn na corraíola.

Bhí go leor cathracha sa bhFrainc ina gcíor thuathail, Páras ina measc. Las an lucht agóide tinte i gcroílár stairiúil na cathrach sin.

In iardheisceart na Fraince, cuireadh póirse halla na cathrach in Bordeaux trí thine.

Tá an chonspóid seo ar an ngéarchéim bhaile is measa a bhí ag Emmanuel Macron, le linn an tarna téarma uachtaránachta seo.

Tarraingíodh an raic seo de bharr na n-athruithe ar an bpinsean a chuir an rialtas i bhfeidhm, gan deis a thabhairt don pharlaimint vótáil orthu. Tá an chonspóid seo ar an ngéarchéim bhaile is measa a bhí ag Emmanuel Macron, le linn an tarna téarma uachtaránachta seo.

Tá tuilleadh stailceanna agus agóidí beartaithe ag na ceardchumainn don Mháirt seo chugainn. Bhí Rí Séarlas III le bheith ar an tarna lá dá chuairt stáit ar an bhFrainc ar an lá sin.