Tá an t-achomharc a bhí tugtha ag Graham Dwyer in aghaidh a chiontaithe i ndúnmharú Elaine O'Hara caillte aige.

Dúnmharaíodh an bhean leochailleadh i 2012.

Bhí a fhoireann dlí ag maíomh gur chóir ciontú Graham Dwyer a chur ar ceal, agus triail nua a chur ar bun, ina bhféadfaí inghlacthacht na fianaise maidir lena fhón póca a scrúdú i gceart.

I 2021, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur sháraigh na húdaráis in Éirinn dlíthe an Aontais Eorpaigh maidir le sonraí fóin a choimeád nuair a scrúdaigh siad fón Graham Dwyer. Bhí cuid mhór de chás an Stáit ina choinne bunaithe ar shonraí a fhóin.

Dúirt an t-abhcóide sinsearach, Remy Farrell, gur sárú a bhí ann ar chearta Graham Dwyer faoin gCairt Eorpach um Chearta Bunúsacha na sonraí sin a choinneáil.

Le cois na fianaise maidir lena fhón, bhí údar gearáin eile ag Graham Dwyer faoin triail a tugadh dó.
Dúirt an t-abhcóide sinsearach Michael Bowman, ar son Dwyer freisin, gur thug an Breitheamh Tony Hunt súil fhiata ar an gcosantóir ag pointe amháin nuair a bhí fianaise á tabhairt os comhair giúire ina choinne. Bhí a abhcóidí míshásta freisin le físeáin a táispeánadh le linn na trialach, a rinne dochar dó os comhair an ghiúire, dar leo.

Ach níor leor iad na cúiseanna sin lena chiontú a chur ar ceal, de réir chinneadh na Cúirte Achomhairc inniu.

Ciontaíodh Dwyer (50), ailtire a rugadh i gCorcaigh, le seoladh ag Carraig an tSionnaigh i mBaile Átha Cliath, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil in 2015 i ndúnmharú Elaine O'Hara ar an 22 Lúnasa, 2012.

Tugadh fianaise le linn na trialach go raibh fantaise ag Dwyer faoi bhean a shá le linn gnéis agus gur bhain sé úsáid as Elaine O'Hara chun an fhantaisíocht a thabhairt i gcrích.