Tá sé dearbhaithe ag an gcomhlacht seirbhísí proifisiúnta Accenture go bhfuil siad le suas le 400 ball foirne in Éirinn a ligean chun siúil.
Tá thart ar 6,500 duine fostaithe ag an gcomhlacht sa tír seo faoi láthair.
Dúirt urlabhraí ó Accenture gur shocraigh siad ar na hoibrithe a ligean chun siúil tar éis dóibh athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar ghnó an chomhlachta in Éirinn.
Tugadh le fios freisin go bhfuil an comhlacht ag dul i gcomhairle cheana féin leis na hoibrithe a bheas thíos leis.
Ní le hÉirinn amháin a bhaineann an scéal ó d'fhógair Accenture níos luaithe inniu go bhfuil 2.5% den fhoireann dhomhanda le ligean chun siúil acu, sin 19,000 duine.
Ceaptar nach mbeidh an oiread ioncaim ag Accenture agus nach dtuillfidh an comhlacht an oiread brabúis i mbliana, ná an chéad bhliain eile, le hais na bliana seo caite.
Deirtear gur léiriú é sin ar an drogall atá ar chorparáidí móra, i bhfianaise na héiginnteachta eacnamaíochta atá ann faoi láthair, airgead a chaitheamh ar na seirbhísí comhairleoireachta a chuireann leithéidí Accenture ar fáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ