I gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath, gearradh téarma príosúin cheithre bliana go leith ar fhear naoi mbliana déag d'aois faoi pháirt a ghlacadh in ionsaí a rinneadh ar chailín sé bliana déag atá fágtha ar leathshúil dá bharr.
Sin é Darragh Lyons, as Radharc na Cora, Gleann Álainn, Séipéal Iosóid i mBaile Átha Cliath, a phléadáil ciontach san ionsaí arbh é mórdhíobháil a thoradh agus i mí-ord foréigneach ar Bhóthar Bhaile Formaid ar an 30 Nollaig 2021.
Dúirt an cailín Alanna Quinn Idris sa chúirt go raibh a misneach caillte aici agus go raibh aon deis a bhí aici roimh an ionsaí gnáthshaol a bheith aici, go raibh sin imithe amú dá dheasca.
Bhí Darragh Lyons ar dhuine de cheathrar ógánach a d'ionsaigh Alanna Quinn Idris agus cara fireannach léi.

Ionsaí réamhbheartaithe a bhí ann in éiric ar mhionaighneas gairid a tharla idir dhuine den cheathrar agus cara Alanna níos luaithe an oíche sin, a dúradh sa chúirt.
Dúradh gurbh é Darragh Lyons a d'ionsaigh Alanna Quinn Idris ar dtús agus gur thug an triúr eile faoina cara ina dhiaidh sin.
Bhí camán, scian agus diallait scútair leictreonaigh ag an mbuíon.
Nuair a tháinig Alanna i gcabhair ar a cara, bhuail duine acu í leis an diallait.
Thit sí bhfanntais agus fágadh í gan aithne.
Nuair a tháinig sí chuici féin, bhí an radharc caillte i gceann dá dhá súil aici agus dealraíonn sé go mbeidh ceann próistéiteach uaithi le cur ina háit.
Dúirt an Breitheamh Martin Nolan go raibh Darragh Lyons an-óg agus gur féidir le daoine óga rudaí an-díchéillí agus an-amaideach a dhéanamh.
Go deimhin, arsa an breitheamh, bheadh freagracht ní ba mhó air dá mbeadh sé ní ba shine.
Agus an phianbhreith á gearradh air, dúirt an breitheamh gur chomhoibrigh Darragh Lyons leis na húdaráis; gur phléadáil sé ciontach; nár ciontaíodh é in aon choir cheana; agus gur éadóigh go mbeadh baint aige le coireacht arís.
Nuacht agus Cúrsaí RTÉ