Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil a bhí ina shuí i Muineachán, fuarthas fear 32 bliain d'aois neamhchiontach i ndúnmharú mná ach ciontach ina dúnorgain i gCo Dhún na nGall os cionn ceithre bliana ó shin.

Is ar an mbonn go raibh freagracht laghdaithe ar Richard Burke as an marú a fuair an giúiré neamhchiontach é i ndúnmharú Jasmine McMonagle, 28 bliain, ina teach cónaithe i dtús na bliana 2019.

Dúirt beirt síciatraithe sa triail inné go raibh neamhord meabhrach ar Richard Burke nuair a mharaigh sé Jasmine McMonagle agus gur laghdaigh sé sin go mór an fhreagracht a bhí air.

Dúradh go neamhbhalbh freisin nach raibh bunús ar bith le speabhraídí Richard Burke i leith Jasmine McMonagle agus gur mháthair mhaith agus duine maith í.

Jasmine McMonagle

Bhí beirt pháistí ag Jasmine McMonagle, duine acu – iníon ocht mí dhéag – le Richard Burke.

Fuair na Gardaí a corp ina teach i gCúil na gCuirridín ag 7.30 ar maidin ar an 4 Eanáir 2019.

Bhí fios curtha ar na Gardaí aici trí huaire an chloig roimhe sin agus imní uirthi go raibh sí i mbaol.

Nuair a tháinig na Gardaí chuig an teach, bhí Richard Burke ann ach níor lig sé isteach iad.

Bhagair sé scian bhúistéara ar na Gardaí agus ar an idirghabhálaí proifisiúnta a tháinig ar an mball ina dhiaidh sin.

Ar deireadh, bhris na Gardaí isteach sa teach, mar a bhfuair siad corp Jasmine McMonagle ar urlár na cistine.

Bhí an bheirt pháistí sa teach ag an am freisin ach bhí siad slán.

Dúradh gur tachtadh agus gur bascadh Jasmine McMonagle, agus gur bhain drochghortuithe dá ceann agus dá colainn.

Agus treoir á tabhairt aige do na giúróirí, dúirt an Breitheamh Paul Burns gur ceann de thrí fhíorasc a bhí le roghnú acu, mar atá, ciontach i ndúnmharú; neamhchiontach i ndúnmharú; nó neamhchiontach i ndúnmharú ach ciontach i ndúnorgain ar an mbonn go raibh freagracht laghdaithe ar an gcúisí.

Is é an ceann déanach a roghnaigh na giúróirí d'aon ghuth inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ