Tá litir ghráiniúil sheicteach faighte sa phost ag muintir an bhuachalla óig as Béal Feirste Dáithí Mac Gabhann, ar éirigh le gairid lena bhfeachtas chun an dlí maidir le deonú orgán sa Tuaisceart a leasú.
Sé bliana d'aois atá Dáithí agus tá sé ag fanacht le haistriú croí le cúig bliana.
"Dlí Dháithí" atá baiste ar an dlí leasaithe faoina mbreathnófar feasta ar gach duine fásta mar dheontóir, is é sin mura bhfuil sé tugtha le fios go sonrach acu nach mian leo a gcuid orgán a dheonú.
Beidh feidhm ó mhí an Mheithimh sa Tuaisceart leis an dlí, a bhfuil feidhm leis cheana sa Bhreatain.
"Fuafar" a thug muintir Mhic Gabhann ar an litir lámhscríofa nach raibh aon ainm air agus dúirt na póilíní go raibh siad féin ag breathnú air mar "choir fuatha".
Dúirt na póilíní chomh maith go raibh comhairle curtha acu ar an teaghlach.
Thug muintir Mhic Gabhann le fios go nglacfaidís beart breise dá dtarlódh a leithéid arís.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ