Tá rún mímhuiníne sa Rialtas le cur os comhair Dháil Éireann inniu ag Páirtí an Lucht Oibre.

Amhail rún Shinn Féin ar vótáladh air inné, cáintear i rún an Lucht Oibre cinneadh an Rialtais deireadh a chur i dtús na míosa seo chugainn leis an gcosc atá ar dhíshealbhú tionóntaí.

Pléifear agus caithfear vóta ar an rún sa Dáil Dé Céadaoin seo chugainn.

Aréir, d'fhógair an Comhaontas Glas go raibh an Teachta Dála Neasa Hourigan curtha ar fionraí ón bpáirtí go ceann cúig mhí dhéag ar a laghad tar éis di vótáil in aghaidh an Rialtais sa Dáil ar cheist an díshealbhaithe inné.

Le tacaíocht ó Theachtaí Dála Neamhspleácha, bhuaigh an Rialtas an vóta sin le tromlach níos mó ná mar a bhíothas á thuairimiú sna laethanta roimhe sin.

Chomh maith leis an téarma fionraíochta, tá cosc curtha ag an gComhaontas Glas ar Neasa Hourigan páirt a ghlacadh i gcoistí Oireachtais.

Dúirt an páirtí go mb'éigean pionós a ghearradh uirthi mar nach bhféadfadh an Rialtas feidhmiú mar ba cheart murar d'aon ghuth a chaithfeadh Teachtaí Dála vótaí.

Fágann sé, áfach, nach bhfuil ach duine sa bhreis ag an Rialtas ar an bhfreasúra agus go mbeidh siad i gcleith leis na Neamhspleáigh arís go luath, tacaíocht a bhfuil éidearfacht ag baint leis.

Tá sé ráite ag an gcarthanas Depaul a chabhraíonn le daoine gan dídean go mbeidh tuilleadh daoine – gan aon agó – ag féachaint le tarraingt as acmhainn na heagraíochta nuair a thiocfas deireadh leis an gcosc ar dhíshealbú.

Dúirt príomhfheidhmeannach Depaul David Carroll, áfach, go bhfuil an acmhainn sin teoranta.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an Cearbhallach le fios go bhfuil 626 leaba ag an eagraíocht in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ach nach bhfuil aon cheann acu folamh faoi láthair.

Cé gur dídean sealadach a chuireann an carthanas ar fáil, arsa sé, is amhlaidh a chónaíonn daoine ann ar feadh tamaill fhada de cheal aon áit eile a bheith ar fáil dóibh.

Maidir leis na scéimeanna éagsúla atá fógartha ag an Rialtas le cúpla lá le dul i ngleic leis an bhfadhb, ní dúirt David Carroll ach gurb é a bhfeidhmiú a ndearbhú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ