Tá an suíomh gréasáin acmhainní daonna Indeed le 15% d'fhoireann oibre an chomhlachta in áiteanna éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil, sin thart ar 2,200 duine.

Tá 1,400 duine fostaithe ag Indeed in Éirinn agus is cosúil go rachaidh an cinneadh i bhfeidhm orthusan, chomh maith le dream ar bith eile, ó thug príomhfheidhmeannach an chomhlachta Chris Hyams le fios gur "i mbeagnach gach réigiún" a scaoilfear daoine chun bealaigh.

I dteachtaireacht a chuir sé chuig an bhfoireann, gheall sé go bhfaigheadh gach fostaí ríomhphost gan mhoill ina gcuirfí in iúl dóibh an raibh siad le leagan as obair nó nach raibh.

Thug Chris Hyams le tuiscint go raibh an líon folúntas ar fud an domhain ag laghdú an t-am ar fad agus nach mbeadh an oiread ioncaim ag Indeed i mbliana ná an bhliain seo chugainn agus a bhí blianta eile.

Dúirt sé go raibh an eagraíocht rómhór anois agus go gcaithfidís fuineadh de réir na mine feasta, an téad céanna atá móreagraíochtaí teicneolaíochta eile a sheinm le scaitheamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ