Tá an comhlacht déantúsaíochta cluichí cláir agus cluichí cártaí Cartamundi le monarcha an chomhlachta i bPort Láirge a dhúnadh.
Tá 234 duine ag obair sa mhonarcha ar Bhóthar Chorcaí i gcathair Phort Láirge.
Tá an mhonarcha ann ó 1977 agus ba faoi na brandaí MB agus Hasbro a bhí an comhlacht ag feidhmiú ar feadh na mblianta nó gur cheannaigh Cartamundi é in 2015.
Is é an titim sa ráchairt ar chluichí cláir ó tháinig deireadh leis an bpaindéim, is é is cionsiocair le dúnadh na monarchan, a deir bainistíocht an chomhlachta, gan trácht ar an gcogadh san Úcráin ná ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh.
Is de réir a chéile as seo go Lúnasa a dhúnfar an áit.
Leithéidí Monopoly, Trivial Pursuit, Cluedo agus Connect4 na cluichí cláir a dhéanann Cartamundi agus a mbíodh an-tóir orthu tráth.
Bhíodh suas le 400 duine ag obair sa mhonarcha ag amanna is gnóthaí den bhliain.
Ní aniar aduaidh a tháinig an scéala ar na hoibrithe inniu ó thug an comhlacht le tuiscint anuraidh nach raibh an gnó chomh rathúil agus a bhíodh.
Dúirt an comhlacht go rachaidís i gcomhairle leis na hoibrithe agus leis na gníomhaireachtaí cuí Stáit gan mhoill le súil an próiseas iomarcaíochta a chur sa siúl.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ