Tugadh chun bealaigh thart ar 140 tonna bruscair agus fuíollábhair eile ó bhreis agus 700 suíomh ar thalamh ard i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin anuraidh.

Is amhlaidh a bhí an dramhaíl dumpáilte ar chúla téarmaí agus go mídhleathach ag dreamanna éagsúla.

Is iad lucht an togra PURE Project a thug an dramhaíl chun bealaigh le fonn an comhshaol sna cnoic a chosaint agus áilleacht an radhairc a chaomhnú.

Idir eagraíochtaí reachtúla agus eagraíochtaí deonacha atá páirteach sa togra.

Ainneoin an chrá croí, arsa lucht an togra, tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh agus tá an méid dramhaíola a dhumpáiltear go mídhleathach laghdaithe go mór le cúig bliana déag.

Go deimhin, tá an méid dramhaíola a dhumpáiltear i gcnoic Chualann laghdaithe 68% ó 2008, dar leo.

B'in an bhliain ba ghnóthaí acu, a deir siad, tráth a tugadh 440 tonna chun bealaigh.

Chomh maith le fuíollábhar tí, is tochtanna, fearais tí, troscán, boinn rotha, dramhaíl ó láithreáin tógála agus a leithéidí is mó a mbíonn ar fhoireann PURE glanadh as an mbealach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ