Gortaíodh 25 duine nuair a chlaon long ar uillinn 45° i nduga tirim i gcalafort Lìte ó thuaidh de Dhún Éideann in Albain ar maidin inniu.
Tá cúig dhuine dhéag den 25 tugtha chun an ospidéil.
Cuireadh cúig otharcharr, aerárthach othar, trí fhoireann míochaine agus saineolaithe eile éigeandála chuig an láthair chomh luath agus a chuaigh an long ar fiar ag thart ar 8.30 ar maidin.
Dealraíonn sé, de réir íomhánna ón láthair, nach gclaonfaidh an long go hiomlán i leataobh ó tá sí brúite in aghaidh bhalla an duga.
76 méadar ar fad atá an long ar le comhbhunaitheoir Microsoft Paul Allen í.

Tuairiscítear go mb'fhéidir gurbh í an ghaoth láidir a bhí ag séideadh sa cheantar ag an am ba shiocair leis an long bogadh as an teanntán a bhí á coinneáil i ngreim sa duga.
Dar le polaiteoir áitiúil go raibh daoine ar bord na loinge ag an am.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ