Tá leithscéal gafa ag an tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála le teaghlach mná as Co Thiobraid Árann a bhásaigh le hailse brollaigh faoi nár tugadh faoi deara mínormáltacht in dhá mhamagram a rinneadh uirthi.
Dúradh san Ard-Chúirt inniu gur bhásaigh Kay O'Keeffe, a bhí 63 bliain d'aois, i mí na Bealtaine 2017.
Rinneadh dhá mhamagram uirthi in 2011 agus in 2013, ach cé go raibh an mhínormálacht le feiceáil sna x-ghathanna níor tugadh faoi deara é.
Ina dhiaidh sin, in 2014, dúradh le Kay O'Keeffe go raibh ailse doleigheasta uirthi.
Ghabh an tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála leithscéal le fear céile Kay O'Keeffe, Patsy, agus lena dtriúr clainne agus admhaíodh gur chóir í a bheith tugtha ar ais chuig an gclinic measúnaithe tar éis an chéad agus an dara mamagram araon.
Admhaíodh chomh maith gur neamart i ndualgas a bhí ann a raibh baint aige lena bás.
Socraíodh an cás san Ard-Chúirt inniu.
I ráiteas, dúirt an teaghlach go raibh sé ag dul díobh a thuiscint conas a míléadh dhá mhamagram nuair is é an cleachtas go léann beirt raideolaithe chomhairleacha gach uile mhamagram a dhéantar.
Dúirt siad freisin gur ar an tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála atá agus a bheas an fhreagracht feasta a chinntiú nach dtarlóidh faillí mar é arís go brách.
Bhí an Teachta Dála Alan Kelly ó Pháirtí an Lucht Oibre ag tacú le muintir O'Keeffe i gcaitheamh na mblianta agus dúirt sé inniu nár mhór a fháil amach conas a míléadh na x-ghathanna.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ