Gheobhaidh bunscoileanna na tíre €96 in aghaidh an dalta faoi scéim nua leabhar saor in aisce atá le tabhairt isteach faoi Mheán Fómhair seo chugainn.
Ar a mhuin sin, tá deontas riaracháin le tabhairt do scoileanna le cuidiú leo an scéim a chur i bhfeidhm.
Áireofar téacsleabhair, leabhair shaothair agus cóipleabhair sa scéim a bhfuil costas €50 milliún luaite leis.
Socraíodh ar an ráta €96 in aghaidh an dalta a lamháil tar éis don Roinn Oideachais sonraí ó chéad bunscoil DEIS a bhí páirteach i scéim phíolótach a anailísiú.
Ina cheann sin, chuaigh an Roinn i gcomhairle le bainsteoirí scoileanna, le ceardchumainn múinteoirí, le heagraíochtaí ionadaíochta tuismitheoirí, agus le carthanais fearacht Chumann Naomh Uinseann de Pól agus Barnardos.
Siúd is gur scoileanna DEIS amháin a ghlac páirt sa scéim phíolótach, tá gach uile bhunscoil sa Stát – scoileanna speisialta ina measc – áirithe sa scéim iomlán.
Cuimsíonn sé sin tuairim is 558,000 dalta scoile.
Dúirt Cumann Múinteoirí Éireann gurb iad féin a d'iarr an deontas riaracháin sna comhráite a bhí acu leis an Roinn Oideachais.
Thug an cumann le tuiscint freisin go mbeadh tuilleadh le rá acu nuair a bheadh treoirlínte na scéime foilsithe.
Dúirt siad chomh maith nár chóir don Roinn an maoiniú ginearálta a theastaíonn ó bhunscoileanna, nár chóir é sin a ligean i ndearmad.
Tá tuilleadh eolais de dhíth, cuir i gcás, ar an gcéad deontas eile faoi thuairim mionoibreacha i mbunscoileanna, mionoibreacha a bhfuil mórthábhacht leo, a dúirt an cumann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ