Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag póilíní sa Tuaisceart faoi bhás mná a bhfuarthas a corp i dteach a raibh dóiteán ann i bPort an Dúnáin, Co Ard Mhacha.

Is iad na seirbhísí dóiteáin, ar cuireadh fios orthu go gairid tar éis 2 a chlog ar maidin, a tháinig ar chorp na mná, a bhí 37 bliain d'aois, sa teach.

Is i lár an bhaile atá an teach agus b'éigean do dhaoine sa chomharsanacht imeacht as a dtithe féin ar feadh scaithimh mar gheall ar an dóiteán.

Tuigtear go bhfuil cóir leighis á cur san ospidéal ar leanbh ach níl sé ráite cén sórt tinnis atá ag dul dó nó di.

Tá scrúduithe dlí-eolaíochta á ndéanamh ar an láthair ó mhaidin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ