Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood go bhfuil "an margadh déanta" i dtaca le Creat Windsor de agus go rithfear é i bparlaimint Westminster is cuma cad é a deir an DUP.
Ag trácht a bhí Colum Eastwood ar an méid a dúirt ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson inné faoina bhfuil ar intinn ag an bpáirtí sin.
Thug Jefrrey Donaldson le fios go vótálfadh an DUP in aghaidh ceann de phríomhfhorálacha an mhargaidh nuair a chuirfear os comhair na parlaiminte é amárach.
De réir na forála sin, bheadh baint i gcónaí ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach le ceisteanna trádála ach bheadh cead ag polaiteoirí i dTionól Stormont rialacha áirithe a dhiúltú i gcúinsí áirithe.
"Coscán Stormont" atá á thabhairt ar an bhforáil, ach deir an DUP go gceadaíonn sé fós dlíthe an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart, rud nach bhfuil aon ghlacadh acusan leis.
Ag labhairt dó ar an BBC, dúirt Colum Eastwood cé gur chreid an SDLP gur drochsmaoineamh é an "coscán" nach vótálfadh an páirtí ina aghaidh i Westminster, ach mar sin féin go mb'fhéidir go staonfaidís.
Agus é ag tagairt don tairbhe eacnamaíochta a deirtear atá le baint as Creat Windsor, mhaígh Colum Eastwood go raibh infheisteoirí as Meiriceá ag iarraidh teacht chun an Tuaiscirt le poist nua a chruthú, agus d'iarr sé ar an DUP é sin a chur san áireamh agus "cinneadh eiseamláireach" a dhéanamh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ