Tá beartais nua le cur i bhfeidhm ag an Rialtas le tionóntaí a chosaint, a deir siad, nuair a thiocfas deireadh leis an gcosc atá ar dhíshealbhú faoi láthair.
Cuirfear deireadh leis an gcosc ar dhíshealbhú de réir a chéile ó thús na míosa seo chugainn.
De réir a bhfuil ar intinn ag an Rialtas, beidh cead ag údaráis áitiúla agus cumainn thithíochta árais chónaithe a cheannach ó thiarnaí talún agus a gcur ar fáil do na tionóntaí mar thithíocht shóisialta, nó a ligean ar cíos de réir costais dóibh.
Idir thionóntaí atá ag fáil tacaíochtaí ón Stát agus thionóntaí nach bhfuil ag fáil aon tacaíochtaí a bheas i gceist, ach is scéimeanna éagsúla a bheas ar fáil don dá dhream.
Maidir le tionóntaí atá in acmhainn a n-áras cónaithe a cheannach, beidh cead acusan cur isteach ar scéim nua tacaíochta faoin gcuirfí lascaine 30% ar fáil dóibh, é sin nó cur isteach ar mhorgáiste ón údarás áitiúil. Caithfear an chéad rogha an áit a cheannach a thabhairt dóibh freisin.
Is iad Airí an Chomhaontais Ghlais a mhol na beartais nua a thabhairt isteach i riocht agus nach mbeadh daoine fágtha gan dídean nuair a thiocfas deireadh leis an gcosc ar dhíshealbhú.
Thug ceannaire an pháirtí sin Éamon Ryan le fios go gcosnódh na beartais thart ar €4 bhilliún ach dúirt nach raibh sé cinnte faoi sin.
Bhí brú ar an Rialtas gníomhnú mar gheall ar rún ó Shinn Féin a mbeidh díospóireacht faoi i nDáil Éireann tráthnóna.
Moltar sa rún síneadh a chur go dtí deireadh mhí Eanáir seo chugainn leis an gcosc ar dhíshealbhú tionóntaí.
Vótálfar ar an rún trathnóna amárach agus tá imní ar an Rialtas go bhféadfaí é a rith le tacaíocht ó Theachtaí Dála atá idir dhá chomhairle faoi láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ