Tá ardú eile fós ar rátaí úis fógartha ag an mBanc Ceannais Eorpach.

Ní fógra gan súil leis atá ann arae is é an séú hardú ar rátaí úis é ón Iúil seo caite.

Ardú 0.5% atá i gceist – an méid céanna leis an ardú deireanach an mhí seo caite.

Fágann an t-ardú is déanaí seo gur 3.5% atá sa phríomhráta iasachta anois, le hais 0% bliain ó shin.

Bhíothas den bharúil go mb'fhéidir nach n-ardódh an Banc Ceannais Eorpach rátaí úis inniu ó tháinig sé chun solais inné go raibh sé ag dul rite le ceann de na bainc is mó san Eoraip – Credit Suisse – teacht ar mhaoiniú úr.

Ina fhianaise sin agus tar éis do bhanc SVB loiceadh an tseachtain seo caite, tá imní ar shaineolaithe airgeadais go bhféadfadh aon dianpholasaithe a thabharfadh an Banc Ceannais Eorpach isteach, go bhféadfaidís géarchéim nua baincéireachta a tharraingt.

Tá an imní sin maolaithe beagán ó shin ó fógraíodh i gcaitheamh na hoíche go bhfuil maoiniú úr faighte ag Credit Suisse ó Bhanc Ceannais na hEilvéise.

Cuid de straitéis eacnamaíochta atá sna harduithe ar rátaí úis d'fhonn an ráta an-ard boilscithe i limistéar an euro a ísliú.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, 8.5% a bhí sa ráta boilscithe an mhí seo caite, ar ísliú 0.1% é ón mí roimhe sin.

Ní leor é, ámh, ós ráta boilscithe de 2% a theastaíonn, a deirtear, le bonn socair a chur an athuair faoi gheilleagair thíortha limistéar an euro.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ