Tá seachtain tugtha ag an Ard-Chúirt don mhúinteoir Enoch Burke fíneáil beagnach €24,000 a íoc dá dheoin féin.

Rialaigh an Breitheamh Brian O'Moore "go ngníomhódh an Ard-Chúirt lena chinntiú go n-íocfaí an fhíneáil" mura mbeadh sé glanta ag Enoch Burke é féin faoi cheann seachtaine.

Gearradh an fhíneáil ar Enoch Burke faoi dhíspeagadh cúirte ó tá sé ag diúltú fuireach ó Scoil Wilson's Hospital i Muilte Farannáin, Co na hIarmhí, mar atá ordaithe dó.

Ní bhaineann an €24,000 ach leis an tréimhse chomh fada leis an 1 Márta.

Tá an fhíneail á gearradh air i gcónaí agus tá a luach ag méadú - €700 sa ló - gach lá atá sé gan íoc, agus gach lá a sháraíonn sé an t-ordú cúirte.

Thug an Breitheamh O'Moore le fios go bhféadfadh an chúirt cead a thabhairt don scoil sócmhainní Enoch Burke a leithlisiú i ndíol na fíneála.

Baineann an scéal le hiarratas ó dhalta sa scoil go mbainfí leas as an uimhir iolra – seachas an uimhir uatha – de na forainmneacha pearsanta (Béarla) agus múinteoirí ag caint ar an dalta sin.

Ní raibh aon ghlacadh ag Enoch Burke leis an iarratas sin, áfach, ar an mbonn go sáródh a leithéid a chreideamh Críostaí soiscéalach, agus tá se briste as a phost ó shin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ