Tá sé fógartha ag RTÉ go bhfuil an craoltóir Ryan Tubridy le n-éirí as mar láithreoir an Late Late Show ag deireadh an tséasúir reatha.
Tá an Tiobradach ag cur an Late Late i láthair ó 2009 agus dúirt sé inniu gur mhór an onóir dó é.
Ghabh sé buíochas leis an bhfoireann ar fad – idir léiritheoirí, thaighdeoirí, chriú agus fheidhmeannaigh – a rinne an obair chrua, mar a dúirt sé féin, leis an seó a choinneáil ag imeacht i gcaitheamh na mblianta.
Tá sé buíoch freisin, arsa sé, den lucht féachana atá chomh dílis don chlár.
Tharraing sé aird go háirithe ar na milliúin euro a bhailigh an lucht féachana ar son eagraíochtaí carthanachta in Éirinn le linn a thréimhse mar láithreoir.
Tá sé faoi chomaoin ag a theaghlach chomh maith – a chlann iníon go háirithe – as tacú leis ó 2009, a dúirt sé.
I ráiteas, thug Príomh-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes moladh céadach do Ryan Tubridy.
Dúirt sí go raibh baint mhór aige leis an dáimh sheasta atá ag an bpobal leis an Late Late.
Dúirt RTÉ go bhfógrófaí céad láithreoir eile an Late Late uair éigin sa samhradh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ