Tá ciníochas cáinte ag Uachtarán na hÉireann ina theachtaireacht bhliantúil Fhéile Pádraig.

Tá aird tarraingthe freisin ag an Uachtarán ina theachtaireacht ar imirce éigeantach, ar bhochtaineacht agus ar an ngéarchéim aeráide.

Luann sé go sonrach muintir na Tuirce agus na Siria "agus iad i mbun atógála ansin tar éis na gcreathanna talún uafásacha a tharla an mhí seo caite. Meabhraíonn tragóidí den chineál sin dúinn ar fad chomh fíorleochaileach agus atá muid agus a riachtanaí agus atá sé go gcuirfí cabhair dhaonnúil aontaithe ar fáil."

Agus é ag trácht ar an gcogadh san Úcráin agus ar na dídeanaithe atá teite as an tír sin, deir an tUachtarán "gur mór an tógáil croí é mar a d'fháiltigh an oiread sin de theaghlaigh agus de scoileanna sa tír seo, agus in áiteanna eile, roimh na mílte agus na mílte de shaoránaigh de chuid na hÚcráine a cuireadh as seilbh agus a theith de bharr na coimhlinte ina dtír dhúchais."

Tarraingíonn sé aird chomh maith ar ghnéithe de bheatha Naomh Pádraig atá "le sonrú i gcúinsí comhaimseartha an lae inniu ... cineálacha nua sclábhaíochta, an ciníochas ag méadú seachas ag laghdú, an fuath don strainséir – an seineafóibe nimhiúil nua nó seanbhunaithe ag dul i dtreise i gcuid mhór áiteanna ar fud an domhain."

Dar leis "[c]é go spreagann scéal Naomh Pádraig muid le machnamh a dhéanamh ar thábhacht na himirce mar théama leanúnach i dtaithí phobal na hÉireann go stairiúil, is gá dúinn dul i ngleic leis an bhfírinne uafasách a bhaineann leis an mí-úsáid ar dhaoine leochaileacha do chuspóirí brabaigh, agus an imirce éigeantach a leanann go fóill."

Maidir le bochtaineacht, cuireann an tUachtarán Corn na hAfraice i gcás, mar a bhfuil "an t-ocras ag goid a gcumais, a ndínite agus a bhfuil i ndán dóibh ó na milliúin dár ndeartháireacha agus dár ndeirfiúracha gach lá.

"Nach nór an chúis náire é nach raibh de rogha ag 64 tír atá i mbéal forbartha agus iad ag dul i ngleic leis an paindéim Covid-19 níos mó airgid a chaitheamh ag aisíoc fiacha ná mar a bhí acu le caitheamh ar an tsláinte phoiblí."

I dtaca leis an ngéarchéim aeráide de, deir an tUachtarán go"[g][c]aithfimid ar fad freagracht a ghlacadh as ár ról féin sa ghéarchéim sin agus ár gcuid féin a dhéanamh maidir le dícharbónú an gheilleagair agus ár sochaí le gur féidir linn maireachtáil i ndomhan inbhuanaithe ... ".

Ina dhiaidh sin, molann an tUachtarán Higgins gan géilleadh don éadóchas agus saol gan chogadh agus gan ghorta a shamhlú, "domhan", a deir sé, "a thabharfadh cúl le hidéil nimhiúla an impiriúlachais agus domhan a chuirfeadh fáilte roimh nádúr fiúntach an duine dhaonna mar a bhí i gceist i gcás Naomh Pádraig."

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ