Tá sé faighte amach ag aonad iniúchta RTÉ go ndeirtear in athbhreithniú a rinneadh ar líomhaintí faoi dhrochúsáid ghnéasach in Otharsheirbhís Naomh Eoin, go ndeirtear ann go bhfuil córas grinnfhiosrúcháin na heagraíochta deonaí fós gan chríochnú.
Fágann an neamhchríochnú sin go bhféadfadh daoine san eagraíocht gharchabhrach nach bhfuil grinnfhiosrúchán déanta ag an nGarda Síochána orthu, go bhféadfaidís fós teagmháil a bheith acu le páistí.
Gan trácht ar an gcóras grinnfhiosrúcháin, deirtear san athbhreithniú go bhfuil córas cosanta leanaí na heagraíochta gan chríochnú leis.
Is é an t-iar-rapóirtéir cosanta leanaí an Dr Geoffrey Shannon – ar breitheamh Cúirte Cuarda anois é – a rinne an t-athbhreithniú.
Coimisiúnaíodh an t-athbhreithniú dhá bhliain ó shin tar éis do roinnt fear a líomhnú go ndearna duine sinsearach in Otharsheirbhís Naomh Eoin i mBaile Átha Cliath ionsaithe gnéis orthu nuair a bhí siad ina ndéagóirí sna 1990í.
Tá sé tugtha le fios roimhe seo ag an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach Tusla go bhuil "bunús" le cuid de na líomhaintí sin.
Deirtear i dtuarascáil Geoffrey Shannon, a bhfuil os cionn 230 leathanach ann, go raibh beartais chosanta leanaí in Otharsheirbhís Naomh Eoin easnamhach agus mífheidhmiúil.
Níor ghníomhaigh an eagraíocht mar ba chóir ainneoin an baol a raibh páistí ann a bheith thar a bheith follasach, a deirtear sa tuarascáil.
Is é tátal na tuarascála nach foláir d'Otharsheirbhís Naomh Eoin athrú agus go bhfuil daoine san eagraíocht nach féidir leo glacadh leis na lochtanna agus na heasnaimh a bhí agus atá fós ann.
Ina cheann sin, deirtear go bhfuil struchtúr céimlathach na heagraíochta – amhail eagraíocht mhíleata – go bhfuil sé míchuí ó thaobh cosaint leanaí de.
I ráiteas a tugadh do RTÉ, dúirt bord Otharsheirbhís Naomh Eoin go bhfuil moltaí Geoffrey Shannon á gcur i bhfeidhm acu de réir a chéile.
Craolfar tuairisc an aonaid iniúchta ar Prime Time ar RTÉ 1 ag 9.35 anocht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ