Tá iarratas pleanála ar pháirc nuálaíochta mara a thógáil i gCill Chiaráin i gConamara diúltaithe ag an mBord Pleanála.

Bhí sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta forbairt mhór a dhéanamh ar an tionscal muirí sa cheantar agus bhí páirc chomhaimseartha ar chaighdeán domhanda le tógáil ar láthair nua ar an taobh thoir de bhaile Chill Chiaráin.

Is mar gheall ar athrú aeráide agus an tionchar a bheadh ag an bpáirc ar sholáthar uisce an cheantair is mó a diúltaíodh an t-iarratas.

Timpeall naoi heictéar atá sa suíomh a bhí leagtha amach agus bhí suas le €5 mhilliún luaite ag Údarás na Gaeltachta le costas forbartha tosaigh na páirce.

Tráthnóna inniu, dúirt an tÚdarás le Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil cinneadh an Bhoird Phleanála á scrúdú acu agus go n-eiseoidh siad ráiteas nuair a bheas cíoradh cúramach déanta acu air.

Arú anuraidh, dhiúltaigh Comhairle Contae na Gaillimhe iarratas pleanála Údarás na Gaeltachta ar an bpáirc mara a fhorbairt ar chúiseanna comhshaoil go príomha.

Bhí súil go bhféadfadh an togra suas le 200 post a chruthú sa cheantar le himeacht aimsire.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ