Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaíodh fear 46 bliain d'aois i ndúnmharú breithe báis Gharda Síochána i gCo Ros Comáin beagnach trí bliana ó shin.

D'admhaigh Stephen Silver, as Béal Easa i gCo Mhaigh Eo, gur mharaigh sé an Bleachtaire-Gharda Colm Horkan, 49 bliain, sa Chaisleán Riabhach i mí an Mheithimh 2020 ach b'amhlaidh a phléadáil sé neamhchiontach ina dhúnmharú.

Seachas dúnmharú, phléadáil sé ciontach i ndúnorgain de dheasca freagracht laghdaithe.

Dúradh leis an ngiúiré gurbh é an príomhchúram a bhí orthu breith a thabhairt ar mheon aigne Stephen Silver ag an am a mharaigh sé Colm Horkan.

D'fhéadfaí é a chiontú, a dúradh leis na giúróirí, i ndúnmharú breithe báis; i ndúnmharú de dheasca freagracht laghdaithe; nó i ndúnorgain de dheasca freagracht laghdaithe.

É sin, nó d'fhéadfaí a chinneadh go raibh sé á chosaint féin nuair a mharaigh sé an Garda Síochána.

Thosaigh na giúróirí ag déanamh a marana ar a bhfíorasc tráthnóna arú inné agus chaith siad bunáite naoi n-uaire an chloig i mbun a machnaimh.

Tráthnóna inniu, chiontaigh siad é d'aon ghuth i nGarda Síochána a bhí ag gníomhú i gcúrsa a dhualgais a dhúnmharú.

Colm Horkan

Bhí Stephen Silver ar a thriail anuraidh faoin dúnmharú, ach theip ar an ngiúiré úd teacht ar fhíorasc agus b'éigean é a chur ar a atriail.

Maraíodh Colm Horkan, a bhí 49 bliain d'aois, nuair a scaoileadh aon philéar déag óna ghunna féin leis i ndeas do Stáisiún Gardaí an Chaisleáin Riabhaigh go gairid roimh an meán oíche ar an 17 Meitheamh 2020.

Bhí sé ar patról ina aonar ar an mbaile agus tháinig sé amach as a charr gan mharcáil le labhairt le Stephen Silver.

Chuaigh an bheirt fhear i ngleic le chéile agus d'éirigh le Stephen Silver an gunna a bhí ag an nGarda Horkan a bhaint de.

Bhuail sé é le bota an ghunna agus lámhach sé é nuair a bhí sé ag titim ar an talamh.

Láthair an mharaithe sa Chaisleán Riabhach

B'as Baile Chathail, Co Mhaigh Eo, don Gharda Horkan a raibh 24 bliain caite sa Gharda Síochána aige agus a raibh baint mhór aige le himeachtaí Chumann Lúthchleas Gael.

Dúradh sa triail go raibh neamhord dépholach ar Stephen Silver agus go mbíodh sé amach agus isteach san ospidéal go rialta ar feadh fiche bliain roimh an marú.

Mhaígh a abhcóide go raibh sé tinn nuair a lámhach sé an Garda Horkan.

Dúirt an t-ionchúiseamh, áfach, gurbh amhlaidh a bhí Stephen Silver feargach le Gardaí trí chéile agus nach raibh aon fhianaise ann gurbh é a mheabhairghalar ba shiocair lena ndearna sé.

Gearrfar pianbhreith ar Stephen Silver ar an 19 Aibreán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ