Bunaíodh go foirmiúil inniu an rialálaí nua meán cumarsáide dá ngairtear Coimisiún na Meán.
Déanfaidh Coimisiún na Meán maoirseacht ar chúrsaí craolacháin agus ar sheirbhísí físeán ar éileamh sa Stát.
Tá sé i gceist ag an gCoimisiún chomh maith creat nua maidir le sábháilteacht ar líne a thabhairt isteach.
Tá ceathrar Coimisinéirí ceaptha ag Aire na Meán Catherine Martin, mar atá, Jeremy Godfrey, an Cathaoirleach Feidhmiúcháin; Niamh Hodnett, an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne; Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán; agus Celene Craig, an Coimisinéir Craoltóireachta.
Dúradh roimhe seo go mbeadh Coimisinéir Forbartha na Meán freagrach as "athbhreithniú cuimsitheach [a dhéanamh] ar sholáthar seirbhísí Gaeilge in earnáil na meán trí chéile".
Thug an tAire Martin le fios gur bhuail sí leis an gceathrar agus gur chreid sí gur foireann dhúthrachtach agus láidir a bheas iontu.
Dúirt sí go raibh sí ag súil le dul i gcomhar leo le treo nua a leagan amach le haghaidh rialáil agus fhorbairt earnáil na meán in Éirinn.
Tá obair iar-Údarás Craolacháin na hÉireann glactha ar láimh ag Coimisiún na Meán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ