Tá 651 othar in ospidéil ar fud na tíre fós ag fanacht le leaba, de réir na bhfigiúirí laethúla is déanaí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.
Is i rannóga éigeandála atá 495 de na hothair agus is i mbardaí atá an 156 eile.
Is in Ospidéal Ollscoile Luimnigh is measa atá an scéal, áit a bhfuil 116 duine ag fanacht le leaba – 56 acu sa rannóg éigeandála agus an 60 eile i mbardaí.
Arú inné, bhí 104 othar san ospidéal sin ag fanacht le leaba.
I bhfianaise na géarchéime is déanaí, tá gach obráid san ospidéal curtha ar atráth – seachas obráidí roghnacha a bhfuil práinn ama leo – agus tá tús áite á thabhairt do pháistí agus do sheanóirí.
Dúirt bainistíocht an ospidéil gur tháinig 252 othar chuig an rannóg éigeandála idir 8 a chlog ar maidin inné agus 8 a chlog tráthnóna inné.
De réir na bhfigiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, tá 74 othar in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh ag fanacht le leaba; 52 in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh; agus 47 in Ospidéal na hOllscoile, Tamhlacht.
Ina cheann sin, tá 27 leanbh sna trí ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath ag fanacht le leaba.
Mhaígh Ard-Rúnaí an Chumainn Phil Ní Sheaghdha go bhfuil cúrsaí imithe ó smacht arís eile agus dúirt go bhfuil na haltraí ag lorg cruinniú práinneach le ceannasaí nua Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun an scéal a phlé.
Thug sí le fios gur mó an chruóg fós atá le cruinniú ós deireadh seachtaine thar a bheith gnóthach atá i ndán d'altraí na tíre agus scléip na Féile Pádraig faoi lán seoil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ