Tá sé maíte ag an Tánaiste Micheál Martin go bhfuil an chuid is measa den ghéarchéim tithíochta curtha thairis ag an Stát gan aon agó.
Ag labhairt dó ar RTÉ ar maidin inniu, dúirt an Tánaiste cé gur bhain an phaindéim agus an boilsciú, gur bhain siad de mhuinín daoine as an margadh tithíochta anuraidh, gurb amhlaidh atá agus a bheas cúrsaí níos socra i mbliana.
Dúirt sé go raibh suntas tugtha aige d'fhigiúirí a foilsíodh inné inar léiríodh gur tógadh 30,000 áras cónaithe nua anuraidh agus gur sa ráithe dheireanach den bhliain a tógadh 9,000 acu.
Thug sé le fios mar sin féin go gcaithfí tuilleadh dlúis a chur le tithe a thógáil.
Mhaígh Micheál Martin freisin go ndéanfadh an Rialtas agus na húdaráis áitiúla gach a bhféadfaidís lena chinntiú nach bhfágfaí daoine gan áras cónaithe.
An tseachtain seo caite, chinn an Rialtas an cosc atá ar dhíshealbhú tionóntaí faoi láthair a chur ar ceal ag deireadh na míosa seo.
Dúradh go raibh imní ar an Rialtas go bhféadfadh an cosc atá ar dhíshealbhú tiarnaí talún a chur ó dhoras agus nach mbeadh dóthain acu ann le freastal ar an éileamh ollmhór.
Thug Micheál Martin le fios inniu go dtabharfaí isteach beartais éagsúla sa chéad bhuiséad eile a fhéachfas le cur ina luí ar thiarnaí talún fanacht san earnáil agus le tiarnaí talún nua a mhealladh.
Cháin sé an rún atá molta ag Sinn Féin síneadh a chur leis an gcosc atá ar dhíshealbhú go dtí deireadh Eanáir 2024.
Tá an rún le plé i nDáil Éireann Dé Máirt seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ