Is iad Eir, Bord Gáis agus Harvey Norman na trí chomhlacht is mó a ndearna tomhaltóirí sa tír seo gearáin fúthu anuraidh, a deirtear i dtuarascáil nua ón gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.
Liosta de na deich gcomhlacht is mó a raibh tomhaltóirí míshásta leo anuraidh a áirítear sa tuarascáil, agus is iad Ryanair, Sky, Currys, Vodafone, Aer Lingus, Ticketmaster agus PowerCity na seacht gcinn eile.
Is é an cúram atá ar an gCoimisiún faisnéis neamhchlaonta maidir le cearta tomhaltóirí agus gnóthaí pearsanta airgeadais a chur ar fáil saor in aisce don phobal.
De réir na tuarascála a foilsíodh inniu, chuir 32,431 duine glao ar líne chabhrach an Choimsiúin in 2022 agus cuireadh os cionn 7,000 díobh ar aghaidh chuig Cúirt na nÉileamh Beag le súil go bhfaighidís cúiteamh.
Bhain 90% de na glaonna le comhlachtaí atá bunaithe in Éirinn.
Earraí leictreonacha agus closamhairc is mó a ndearnadh gearáin fúthu. 850 gearán a fuarthas faoi na hearraí seo, léithéidí teilifíseán agus ríomhairí.
Ina ndiaidh sin, fuarthas 822 gearán faoi fhearais tí, leithéidí meaisíní níocháin.
Den dara bliain as a chéile, rinneadh líon suntasach gearán freisin faoi ghluaisteáin.
Tugtar le fios sa tuarascáil chomh maith go bhfuarthas os cionn a dhá oiread glaonna anuraidh, le hais 2021, faoi phraghsanna fuinnimh.
Ní scéal gan choinne é seo ó d'ardaigh comhlachtaí fuinnimh a gcuid táillí roinnt uaireanta i gcaitheamh na bliana.
Inniu Lá Idirnáisiúnta Cearta Tomhaltóirí agus is chun aird an phobail a tharraingt air a eisíodh an tuarascáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ