Tá tús á chur inniu ag an Taoiseach Leo Varadkar le cuairt trí lá ar na Stáit Aontaithe, mar a nglacfaidh sé páirt in imeachtaí éagsúla Fhéile Pádraig.

Liosta le háireamh is ea na cúraimí a bheas air san achar gairid a chaithfeas sé thall.

Chomh maith le cúrsaí Fhéile Pádraig, beidh an Taoiseach páirteach in ócáidí gnó agus eolaíochta le dúil easpórtálacha as Éirinn a chur chun cinn.

Tabharfaidh sé óráid do Chomhlachas Tráchtála na Stát Aontaithe, agus freastalóidh sé ar ócáidí a bhaineann le Comóradh 25 Bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Lá Fhéile Pádraig féin – arú amárach – beidh cruinnithe ag an Taoiseach le polaiteoirí sinsearacha ó Theach na Comhdhála in Washington agus le Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe Kamala Harris.

Tráthnóna Dé hAoine, beidh Leo Varadkar sa Teach Bán, mar a mbronnfaidh sé an tseamróg ar an Uachtarán Joe Biden, comhartha cumainn idir Éire agus na Stáit Aontaithe atá fadbhunaithe.

Is i Nua-Eabhrac atá an Tánaiste Micheál Martin le haghaidh na Féile Pádraig.

Ag ócáid sa chathair aréir, bhronn sé gradam ar iar-Rúnaí Stáit Mheiriceá Hillary Clinton as a bhfuil déanta aici ar son an phróisis síochána in Éirinn.

Dúirt an Tánaiste go raibh sé ag súil le fáilte a chur go hÉirinn roimh Joe Biden an mhí seo chugainn.

Dhearbhaigh an tUachtarán Biden inné go raibh rún aige teacht go hÉirinn le haghaidh Chomóradh 25 Bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Beidh ceannaire an Chomhaontais Ghlais, an tAire Éamon Ryan, i Singeapór agus sa tSín le haghaidh na Féile Pádraig.

Beidh Aire na Gaeltachta Catherine Martin in Los Angeles agus San Diego.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ