Tá sé deimhnithe ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden go bhfuil rún aige teacht go hÉirinn le haghaidh Chomóradh 25 Bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta an mhí seo chugainn.

Ag labhairt inné in California a bhí an tUachtarán Biden tar éis do Phríomh-Aire na Breataine Rishi Sunak cuireadh oifigiúil a thabhairt dó teacht chun an Tuaiscirt.

Bhí an bheirt fear ag labhairt ag preasócáid mar ar fógraíodh comhaontú nua míleata idir na Stáit Aontaithe, an Bhreatain agus an Astráil.

Dhearbhaigh an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin inniu go raibh sé i gceist aige féin cuireadh oifigiúil a thabhairt do Joe Biden teacht go hÉirinn nuair a labhrós sé leis ag an bhfáiltiú bliantúil sa Teach Bán Lá Fhéile Pádraig.

Tuigtear go mbeidh an tUachtarán Biden páirteach in imeachtaí éagsúla a reáchtálfar ar dhá thaobh na teorann le síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta ar an 10 Aibreán 1998 a chomóradh.

Ceaptar faoi láthair, áfach, nach mbeidh sé abhus in am do na hócáidí a bheas ar siúl ar an 10 Aibreán féin agus gur uair éigin sna laethanta ina dhiaidh sin a thabharfas sé aghaidh ar Éirinn.

Bhíothas á thuairimiú le cúpla mí go raibh bara faoin Uachtarán Biden teacht go hÉirinn aimisr na Cásca agus é i gcuspóir aige tacú leis na hiarrachtaí atá ar bun Tionól agus Feidhmeannas Stormont a bhunú an athuair.

Dealraítear, go deimhin, go bhfuil measúnuithe slándála déanta ag Seirbhís Rúnda na Stát Aontaithe ar láithreacha éagsúla in Éirinn le roinnt seachtainí.

Bíonn oifigigh ón tSeirbhís Rúnda ag téanachtaint le cois an Uachtaráin gach uile chearn dá dtéann sé.

Ní dúradh fós cén cúrsa turais a bheas ag Joe Biden agus é in Éirinn ach ós de bhunadh Mhaigh Eo cuid dá shinsear, deirtear faoi nach mbíonn uaidh ach leathchead le cuairt a thabhairt ar an áit.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ