Tá fáilte curtha ag daoine in Inis Bó Finne roimh an scéala go bhfuil Coláiste na Tríonóide le taisí daoine a tógadh as reilig, gan toiliú, sa 19ú Céad a tabhairt ar ais go dtí an t-oileán.
Ach tá muintir na háite ag iarraidh a chinntiú go gcaithfear leis na taisí, le meas agus dínit.
Sa mbliain 1890 a goideadh na cloigne as reilig Mhainistir Naomh Colmáin.
Beirt as Coláiste na Tríonóide a thug faoin gcreachadh - an tOllamh Alfred Haddon agus an taighdeoir Andrew Dixon - ó Roinn Anatamaíochta na hOllscoile.
I litir a scríobh an tOll Haddon tá sé admhaithe aige gur smuggláil sé na cloigne den oileán - 13 acu - le cur i dtaisce sa gColáiste.
Bhí fairsing ag an am coirp a thógáil ar mhaithe adúradh "leis an staidéar eolaíoch" - le ghabhail ag tomhais agus ag staidéar blaoscanna – mar a léirítear sa ngrianghraif seo a tarraingníodh ar Inis Bó Finne in 1893.

Anois tá ceann feádhain na hOllscoile, an Probhast Linda Doyle théis leithscéal a ghabháil le muíntir an oileáin.

Deir Coláiste na Tríonóide go bhfuil siad buíoch do phobal an oileáin as "a gcuid stocaireachta agus rannpháirtíochta" agus go mbeidh siad "ag comhoíbriú leis an bpobal leis na taisí a chur siar abhaile go measúil, ómósach."
Ach tá taisí beagnach 500 duine fós coinnithe san Ollscoil agus próiséas athbhreithníthe faoi na coirp sin fós idir lámha ag Grúpa-Oibre Oídhreachta na Tríonóide. Deáscéala é ábhar an lae inniu mar sin a deir lucht taighde ach níl an obair críochnaithe agus blaoscanna fós coinnithe a tógadh as Árainn agus as an nGleann i gCiarraí Theas.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Maolra M Mac Donnchadha ar Nuacht TG4 ag 1900.