Tá sé fógraithe ag Nicola Sturgeon go bhfuil sí ag éirí as a post mar Chéad Aire na hAlban i ndiaidh ocht mbliana.
D'fhógair an Chéad Aire an méid seo ag preas ócáid i nDún Éideann ar maidin nuair a dúirt sí go bhfuil sé in am aici seasamh i leataobh.
Dúirt ceannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban go bhfanfaidh sí sa phost go dtí go roghnóidh an páirtí comharba uirthi.
Is í Sturgeon an Chéad Aire is faide sa phost ó bunaíodh parlaimint díláraithe na hAlban i 1999.
Dúirt sí, cé go dtuigeann sí go ngoillfeadh a cinneadh ar go leor daoine, go gcreideann sí gurb é an cinneadh críonna é aici féin, dá páirtí agus don tír trí chéile.
Tá Sturgeon ina Céad Aire in Albain ón bhliain 2014 nuair a tháinig sí i gcomharbacht ar Alex Salmond.
D’éirigh seisean as post an Chéad Aire i 2014 nuair a theip ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban sa Reifreann Neamhspleáchais.
Chuaigh Sturgeon i gceannas an pháirtí agus rún daingean aici neamhspleáchas a bhaint amach d’Albain, agus cé gur éirigh léi cur go mór le líon suíochán an SNP i ndiaidh an reifrinn, níor éirigh léi ina h-iarrachtaí reachtaíocht a rith a cheadódh don pharlaimint an bunreacht a athrú.
Rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine i 2022 nach bhféadfadh Parlaimint na hAlban an reachtaíocht sin a rith, ach tá an SNP anois ag iarraidh go gcaithfeadhi vótóirí na hAlbhan leis an chéad olltoghchán eile sa Bhreatain mar reifreann "de facto."
Bhí Nicola Sturgeon faoi léigear ar na mallaibh maidir le leasuithe conspóideacha ar an reachtaíocht a bhaineann le aitheantas inscne, ach dúirt sí le tuairisceoirí ar maidin nár bhain a cinneadh le "ceisteanna gearr-théarmacha."
Dhiúltaigh an Bhreatain d’Acht Aitheantais Inscne na hAlban a chiallódh go mbeadh sé níos éasca ag daoine n-inscne a athrú de réir dlí.