Tá achainí úr ar eolas déanta ag an nGarda Síochána maidir le dúnmharú fir óig i gCo Dhún na nGall aon bhliain déag cothrom an lae inniu.

Lámhachadh agus maraíodh Andrew Allen, 24 bliain d'aois, os comhair a pháirtí ina dteach cónaithe i mBun Cranncha ar an 9 Feabhra 2012.

B'as Doire ó dhúchas Andrew Allen.

Creideann na Gardaí go raibh roinnt daoine bainteach leis an dúnmharú.

Láthair an mharaithe in 2012

Gan trácht ar an dream a lámhach Andrew Allen, tá na Gardaí den bharúil gur chuidigh daoine eile leo fianaise a scrios agus na cosa a thabhairt leo.

I ráiteas, dúirt na Gardaí go raibh roinnt daoine gafa agus ceistithe acu ó 2012 faoin dúnmharú.

Dúirt siad go bhfuil siad cinnte de go bhfuil eolas tábhachtach fós ag daoine i mBun Cranncha agus i nDoire.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ