Ní oslcófar arís go dtí an tseachtain seo chugainn ceithre champas Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i gCorcaigh i bhfianaise córas teicneolaíochta faisnéise agus córas teileafón na hollscoile a bheith "sáraithe".
Is diaidh ar ndiaidh ón Luan seo chugainn ar aghaidh a osclófar na campais, a dúirt údaráis na hollscoile, le gur féidir prótacail slándála a chur i bhfeidhm de réir a chéile.
Ar an dea-uair, a dúradh, beidh fáil ag lúthchleasaithe ar shaoráidí traenála lasmuigh ar na campais ó tharla nach bhfuil baint mhór ag teicneolaíocht faisnéise lena leithéid.
Thug údaráis na hollscoile le fios freisin go bhfuil an "sárú" á fhiosrú acu, agus go bhfuil siad ag obair i gcomhar leis an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála agus le dreamanna eile san earnáil chibearshlándála go bhféachfaidís le fáil amach cad ba shiocair dó.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ