"Is ag an tsaoirse a bheas an lá!" a dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky i Halla Westminster inniu, agus é ar a chéad chuairt chun na Breataine ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin beagnach bliain ó shin.

Thapaigh Volodymyr Zelensky an deis ina óráid os comhair feisirí parlaiminte agus tiarnaí le hachainí ar Rialtas na Breataine – agus ar thíortha eile an Iarthair – eitleáin chogaidh a sholáthar don Úcráin.

"Eitleáin chomhraic ar son na hÚcráine, sciatháin ar son na saoirse!" an mana a bhí aige.

Tá cuid den iarratas sin lamháilte cheana féin, shílfeá, ó fograíodh inniu go bhfuil Aerfhórsa na Breataine le píolótaí Úcránacha a thraenáil le scairdeitleáin chogaidh a eitilt.

Níl sé soiléir, áfach, an gcuirfear na heitleáin féin ar fáil, ach tá tancanna Challenger 2 le seoladh ag an mBreatain chun na hÚcráine an mhí seo chugainn.

Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil tuilleadh smachtbhannaí curtha ag an mBreatain ar chomhlachtaí Rúiseacha agus ar dhaoine atá bainteach le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin.

Mhaígh Volodymyr Zelensky ina óráid i Westminster go n-athródh an domhan ó bhonn dá gcloífí na Rúisigh san Úcráin.

Teachtaireacht a bheadh ann, arsa sé, do cheannairí eile fearacht Vladimir Putin a bhí ag cuimhneamh ar ionradh a dhéanamh ar thír chomharsanachta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ