Tá fear sna caogaidí a gabhadh cheana gafa an athuair ag Gardaí a bhfuil dúnmharú mná 75 bliain d'aois i gCo Chiarraí anuraidh á fhiosrú acu.
Fuarthas corp Miriam Burns ina teach cónaithe in Ard Seanbhuaile, Cill Airne, ar an 15 Lúnasa 2022.
Bás de bharr a hionsaithe a fuair sí.
Gabhadh an fear i gcathair Chorcaí ar maidin inniu agus tá sé á cheistiú i gceann de na stáisiúin Ghardaí sa chathair.
Is féidir é a choinneáil ar feadh ceithre huaire fichead.
Tuigtear gur gabhadh an fear a chéaduair an lá tar éis do chomharsana le Miriam Burns teacht ar a corp.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ