Ag éisteacht de Choiste Sláinte an Oireachtais inniu, tarraingíodh aird ar na hionsaithe foréigneacha a dhéantar go rialta ar altraí agus ar mhná cabhrach in ospidéil na tíre.
Dúirt an t-altra foirne Sylvia Chambers leis an gcoiste, cuir i gcás, gur caitheadh smugairlí léi, gur tugadh drochíde béil di agus gur bagraíodh í a shá ina hionad oibre.
Thug Ard-Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann Phil Ní Sheaghdha le fios nár chóir go mbeadh aon ghlacadh lena leithéid in earnáil ghairimiúil ar mná iad bunáite na n-oibrithe.
Déantar deich n-ionsaí ar a laghad ar altraí gach aon lá, a mhaígh sí.
Tuairiscíodh 5,593 ionsaí ar altraí idir Eanáir 2021 agus Deireadh Fómhair 2022, arsa Phil Ní Sheaghdha, agus dúirt sí gurb é an fanacht fada le cúram a bhíonn ar othair is cúis go minic leis an bhfonn ionsaithe a bhíonn orthu.
Dúirt urlabhraí ón gceardchumann SIPTU nach mar a chéile a chaitear, ámh, le gach uile dhuine a ionsaítear sna hospidéil.
Thug an t-urlabhraí le fios nach bhfaigheann leithéidí cúntóirí, doirseoirí, glantóirí, lucht lónadóireachta agus lucht slándála, nach bhfaigheann siad ach 25% de na tacaíochtaí airgeadais a fhaigheann dochtúirí, altraí agus oifigigh chléireachas, fiú má ionsaítear iad ag an duine céanna ag an am céanna.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ