Áirítear anois 11,200 duine a bheith maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria mar gheall ar an gcrith talún a tharla sa réigiún sin dhá lá ó shin.
Meastar gur maraíodh 8,600 duine sa Tuirc agus os cionn 2,500 sa tSiria, lena n-áirítear an Chordastáin. Glactar leis gur ag ardú go ceann scaithimh eile a bheas na figiúirí oifigiúila seo.
Ó thaobh na Tuirce de, deir na húdaráis gur bordáil ar 13.5 milliún duine atá buailte ag an tubaiste in achar 450 ciliméadar idir cathair Adana in iarthar na tíre agus cathair Diyarbakir san oirthear.
Tá sithiúlacht, ní foláir, sna hoibrithe tarrthála atá ag déanamh a ndíchill ó cuireadh fios orthu teacht ar dhaoine atá fós ina mbeatha sa smionagar, dá éadóichí sin.
Maidir leis na daoine a tháinig slán ach ar scriosadh a dtithe, tá díon á fháil acu ar an sneachta agus ar ghoimh an gheimhridh i moscanna, scoileanna agus i mbanracha móra eile.

Dhéanfadh an teálta is lú cúis do chuid acu, go deimhin, agus gan acu ach connadh óna n-iarthithe féin lena gcoinneáil te.
An mhoill ar fhóirithint ón taobh amuigh is mó is cás leis na dídeantaithe anois. Tá sé de dhíth gan spás, dar ndóigh, ó tá an bonneagar réigiúnach scriosta – idir shiopaí, an soláthar cumhachta agus eile.
Dá dhonacht cúrsaí sa Tuirc, is measa fós iad i dtuaisceart na Siria, mar a raibh an bonneagar fíorlag cheana féin mar gheall ar an gcogaíocht ansin.
Ní hamháin go bhfuil uisce, bia agus breosla gann, ach níl cóireáil bhunúsach leighis do na daoine a gortaíodh le fáil go saoráideach.

Tá eagraíochtaí carthanachta ag achainí ar thíortha an Iarthair smachtbhannaí atá curtha acu ar an tSiria a chur ar fionraí ar chúiseanna daonnachta.
Tá na carthanais ag impí ar Rialtas na Siria chomh maith soláthairtí fóirithinte a ligean isteach i gceantair atá faoina smacht ag ceannaircigh, is cuma cén bhratach a dtugann siad ómós dó.
Thug Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken le fios nach gcomhoibreodh na Meiriceánaigh le Rialtas na Siria sa Damaisc ach go bhféachfaí, mar sin féin, le fóirithint ar ghnáthmhuintir na tíre.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ