Tá comórtas camógaíochta tríú leibhéal le hainmniú in onóir Ashling Murphy, an múinteoir óg as Co Uíbh Fhailí a maraíodh corradh le bliain ó shin.
D'fhógair an Cumann Camógaíochta gur Corn Ashling Murphy a thabharfaí feasta ar an gcorn a bhronntar ar bhuaiteoirí Roinn 5.
D'imir Ashling Murphy camógaíocht dá cumann áitiúil Cill Chormaic-Cill Achaidh agus do Choláiste Mhuire gan Smál i Luimneach nuair a bhí sí ag staidéar ann.
Dúirt Uachtarán an Chumainn Chamógaíochta Hilda Breslin go ndeacaigh an méid a bhain Ashling amach, a mórchroí, agus an grá a bhí aici do chultúr na hÉireann, go ndeachaigh siad i gcion ar an oiread sin daoine agus gur diongbháilte an beart an corn a ainmniú ina honóir.
Tá fear cúisithe i ndúnmharú Ashling Murphy agus tá sé faoi choinneáil faoi láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ