Sa Phríomh-Chúirt Choirúil, gearradh téarma príosúin trí bliana déag ar fhear 34 bliain d'aois faoi "ionsaí brúidiúil, fíochmhar agus uamhnach" a dhéanamh ar a iarchéile – bean leochaileach, a dúradh – a bhí beagnach ocht mí ar pháiste ag an am.
Dúradh sa chúirt gur thug Dean Paget buillí doirn agus coise san aghaidh agus sa bholg do Lisa Ward, gur rug sé ar chéas a cinn uirthi agus gur tharraing sé leis í ar ghreim gruaige ar Shráid an Dáma i mBaile Átha Cliath ar an 25 Aibreán 2021.
Bhí an lánúin gan dídean ag an am agus ina gcónaí i bpuball ar Lána Montague ar cholbha theas Fhaiche Stiabhna.
Nuair a d'fhill siad ar an bpuball go gairid ina dhiaidh sin, thug Dean Paget fogha fíochmhar faoi Lisa Ward an athuair.
Bhagair sé í a mharú, chuaigh sé i ngreim scornaí uirthi agus thug sé tuilleadh buillí dá dhorn di nuair a ghlaoigh sí ar chabhair.
Maraíodh an leanbh sa bhroinn – iníon, a raibh Ruby Rose tugtha acu uirthi – mar gheall ar an ionsaí.
Phléadáil Dean Paget ciontach in iarracht ar dhúnmharú, i bhféatas a chur den saol d'aon ghnó, i bpríosúnú neamhdhleathach agus i ndíobháil a dhéanamh do Lisa Ward.
I ráiteas tionchair íospartaigh, dúirt Lisa Ward nach dtiocfadh sí chuici féin ná nach bhféadfadh sí bás a hiníne a chur di go brách.
Dúradh sa chúirt gur andúileach drugaí agus alcóil é Dean Paget a raibh go leor foréigin feicthe aige nuair a bhí sé ina leanbh.
Gearradh príosún ceithre bliana déag air ach cuireadh an bhliain dheireanach ar fionraí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ