Tá iarrtha ar TG4 gan clár faisnéise faoin tubaiste sa Chraoslach i gCo Dhún na nGall anuraidh a chraoladh oíche amárach mar atá beartaithe ag an stáisiún.
Maraíodh deichniúr de bharr pléisce a tharla ag stáisiún seirbhísí sa Chraoslach ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.
Teaghlach bheirt den deichniúr a maraíodh an lá sin a d'achainigh ar TG4 gan an clár uair an chloig a chraoladh fad is atá an an tubaiste fós á fiosrú ag an nGarda Síochána agus gníomhaireachtaí eile.
Bhí céile agus iníon Áine Flanagan – Robert Garwe agus Shauna Flanagan Garwe – ag ceannach cáca lá breithe d'Áine sa stáisiún seirbhísí nuair a tharla an phléasc.

Ag labhairt dó ar Liveline ar RTÉ, dúirt deirfiúr Áine – Killian Flanagan – go raibh iarrtha aige ar TG4 gan an clár a chraoladh agus go raibh teagmháil déanta aige leis na Gardaí chomh maith faoin scéal.
Thug sé le fios nár pléadh an clár le teaghlaigh na marbh agus nach ndeachthas i gcomhairle leo faoina mbeadh ann.
Dúirt sé go bhfuair a dheirfiúr amach faoin gclár an tseachtain seo caite ó alt ar líne a d'fhoilsigh nuachtán an Donegal Daily agus nach raibh néal codlata déanta aici ó shin.
Dúirt Killian Flanagan freisin cé gur laochra iad na daoine ó na seirbhísí éigeandála agus na daoine áitiúla a tháinig i gcabhair ar na daoine a bhí sáinnithe sa smionagar an lá sin, gur chreid sé go mbeadh Áine agus gaolta eile na marbh suaite ag a bhfuil sa chlár.
Mhaígh sé go mbeadh rudaí sa chlár nach bhfuil ar eolas acu, rudaí a bheidís a fheiceáil agus a chloisteáil den chéad uair, dar leis.
Dúirt sé nach raibh aon ghlacadh lena leithéid "ó mheán Státurraithe" agus gur cosúla le hiompar nuachtáin thablóidigh i Sasana a bhfuil á dhéanamh ag TG4.

I ráiteas, dúirt TG4 go bhfuil an clár dar teideal 'Iniúchadh TG4 – An Craoslach' ag iarraidh aird a tharraingt ar mhuintir na háite a chuidigh leis an oibríocht tarrthála ar láthair na tubaiste.
Dúradh sa ráiteas go raibh na daoine a ghlac páirt sa chlár ag iarraidh a mbuíochas a chur in iúl don ghnáthphobal a tháinig i gcabhair ar a chairde agus a chomharsana.
Maíodh freisin go raibh a fhios ag cuid de ghaolta na marbh go raibh na daoine sin tar éis páirt a ghlacadh sa chlár.
Léirítear meas sa chlár do na daoine a maraíodh agus níl dada ann, dar le TG4, nár tuairiscíodh go poilbí cheana.
Maíodh chomh maith go bhfuil cáil na cáiréise agus na tuisceana ar lucht déanta an chláir Clean State TV.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ