Tá foireann bhainistíochta Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan le measúnú a dhéanamh inniu ar mhéid an damáiste a rinneadh de bharr córas teicneolaíochta faisnéise na hollscoile a bheith "sáraithe".
Chomh maith leis an gcóras ríomhaireachta, tá an córas teileafón as feidhm leis.
Thart ar 6 a chlog tráthnóna inné a tháinig an "sárú" chun solais agus tá campais na hollscoile i gCorcaigh dúnta inniu, agus beidh siad dúnta arís amárach, mar gheall air.
Ceithre ionad i gCorcaigh atá i gceist, mar atá, an campas i mBaile an Easpaig; Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann i Rinn an Scidígh; Coláiste Ealaíne is Deartha Crawford sa Loch; agus Ceol-Scoil Chorcaí i mBaile an Teampaill.
Ní cosúil go bhfuil an dá champas i dTrá Lí, Co Chiarraí, thíos leis.
Níl sé soiléir fós an cibirionsaí is siocair leis an éaradh seirbhíse ach tá na Gardaí sa Tóchar ag fiosrú an scéil.
Iarrtar ar an bhfoireann agus na mic léinn súil a choinneáil ar a gcuid ríomhphost le haghaidh eolais úir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ