Tá sé tugtha le fios ag an Aire Iompair Éamon Ryan go bhfuil sé ag obair i gcomhar le hAerfort Bhaile Átha Cliath agus leis an nGarda Síochána go bhféachfaí le dróin a choinneáil amach as líomatáiste an aerfoirt.
Baineann ráiteas an Aire Ryan le dróin a cuireadh sa spéir ar thrí ócáid éagsúla i ngaobhar an aerfoirt an deireadh seachtaine seo caite agus ar cuireadh isteach ar eitiltí dá mbarr.
B'éigean sé eitleán a chur malairt treo Dé Sathairn mar gheall ar dhróin a bheith ag guairdeall thart ar an aerfort.
Dúirt an tAire Ryan go raibh sé in aghaidh an dlí dróin a chur ag eitlit taobh istigh de theorainn chúig chiliméadar timpeall an aerfoirt.
Gheall sé go ndéanfadh na húdaráis – go háirithe na Gardaí – go ndéanfaidís a ndícheall lena chinntiú go gcuirfí deireadh leis an iompar seo.
D'admhaigh an Rianach, áfach, go bhfuil sé uafásach go deo deacair dul i ngleic leis na dróin ó tá siad chomh beag agus an t-aerfort chomh mór.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ