Tuigtear do RTÉ go bhfuil an tAontas Eorpach le glacadh le moladh Rialtas na Breataine maidir le hearraí a sheoltar chun an Tuaiscirt ón mBreatain.

Is cosúil, más fíor, go nglacfar leis an moladh caitheamh ar dhóigheanna éagsúla sa chéad chás de le hearraí a sheoltar chun an Tuaiscirt ón mBreatain agus atá le fanacht sa dlínse sin, agus sa dara cás de le hearraí a sheoltar chun an Tuaiscirt ón mBreatain ach atá le seoladh ó dheas ina dhiaidh sin, áit a bhfuil an margadh aonair i bhfeidhm.

Beidh cúrsaí sláinte ainmhithe agus cúrsaí sábháilteachta bia faoi réir an tsocraithe nua, agus bunófar lána glas agus lána dearg i gcalafoirt sa Tuaisceart lena aghaidh, de réir a bhfuil tugtha le fios do RTÉ.

I bhfianaise an cheist seo a bheith réitithe, nó de chóir a bheith réitithe, is mó de sheans, ceaptar, go dtiocfar ar réiteach ar cheist ghinearálta Phrótacal an Tuaiscirt.

Ar a shon sin, thug oifigeach ón Aontas Eorpach le tuisicint do RTÉ nach bhfuil díreach gan cham agus go bhfuil fadhbanna eile le míniú fós ag na hidirbheartaithe.

Ceann acu is ea an pháirt a bheadh ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach i mbreith a thabhairt ar aon chonspóidí a thiocfadh aníos tar éis an socrú faoin margadh aonair a chur i bhfeidhm.

Ainneoin an choir is deireanaí, ní cosúil go ndéanfaidh ceachtar den dá taobh – ná an dá taobh in éineacht – aon fhógra oifigúil an tseachtain seo.

Tuairiscíodh ar nuachtán an Times i Londain Dé Céadaoin seo caite go raibh géillte ag an Aontas Eorpach d'éilimh Rialtas na Breataine faoi earraí a sheoltar chun an Tuaiscirt ón mBreatain agus faoin gCúirt Bhreithiúnais Eorpach.

Dúirt feidhmeannaigh ón Aontas le RTÉ ag an am, áfach, nach raibh aon bhunús leis an tuairisc sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ