Tá tuilleadh táirgí sícín amh gairmthe ar ais ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ar fhaitíos salmonella a bheith iontu.
Táirgí an chomhlachta Western Brand agus táirgí an chomhlachta BWG a bhfuil an branda Glenmór orthu atá i gceist.
Tá filléid sicín, mionfhilléid sicín agus sicíní beaga ina measc, agus bhí siad ar díol go dtí seo in ollmhargaí Aldi, Lidl, Dunnes Stores agus Tesco.
Dátaí ar fearr roimh an 5 agus an 7 Feabhra a bhí orthu.
Seo an dara huair le seachtain a mb'éigean táirgí sicín Western Brand a bhaint de na seilfeanna.
I ráiteas a eisíodh tráthnóna, dúirt an comhlacht go bhfuil baint ag an aisghairm is deireanaí leis an bhfiosrúchán atá ar bun ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi chásanna de salmonella a fuarthas an tseachtain seo caite ar fheirmeacha éanlaithe clóis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ