Tá Crócaigh Chill Mochuda le achomharc a dhéanamh in aghaidh an ordaithe a thug Cumann Lúthchleas Gael Dé Máirt seo caite cluiche ceannais peile na gclubanna idir iad agus foireann an Ghleanna as Doire a athimirt.

I ráiteas, dheimhnigh CLG go n-éistfeadh Lárchoiste Achomharc na heagraíochta an cás uair éigin as seo go ceann roinnt laethanta.

Baineann an scéal le himreoir breise a chuir foireann Chill Mochuda ar an bpáirc imeartha i bhfíordheireadh an chluiche i bPáirc an Chrócaigh dhá lá dhéag ó shin.

Bhí Cill Mochuda dhá chúilín chun tosaigh ag an am agus is mar sin a chríochnaigh an cluiche.

Díreach ina dhiaidh, thug bainisteoir an Ghleanna Malachy O'Rourke le tuiscint gur dhóichí go nglacfadh an club leis an toradh ach le gach uile údramáil rinneadh gearán oifigiúil faoin imreoir le cois.

Mura mbeidh glacadh ag an Lárchoiste Achomharc le hiarratas na gCrócach, féadfaidh siad achomharc eile fós a chur faoi dhreich na heagraíochta eadrána spóirt dá ngairtear an tÚdarás Réitigh Aighneas, atá neamhspleách ar CLG.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ